Western Operations Manager / Bainisteoir Oibríochtaí an Iarthair, RTÉ

RTE · Galway, County Galway

About the job

RTÉ is Ireland's national public-service media organisation. We are embarking upon an ambitious and exciting 5-year transformation strategy to update the way we run the organisation. Our mission is to serve as an independent source of stories, news, information and entertainment for Ireland, reflecting the diversity of its people and providing experiences that enrich the lives of all.

Meet the Team

Regional Operations support RTÉ's broadcast and content production activities across television, radio, online and digital platforms throughout Ireland. We are focused on building a skilled, agile and collaborative workforce capable of supporting the evolution of the organisation.

The Western Operations Manager (Bainisteoir Oibríochtaí an Iarthair) will play a leading role in developing this capability; ensuring that regional teams have the skills, and resources to deliver high-quality services in a rapidly changing media environment.

Reporting to the Regional Operations Manager, the successful candidate will lead a multi-disciplinary team of engineering and operational support staff, who are responsible for supporting RTÉ's output, particularly in the Irish language, across all platforms.

This role requires a proactive and collaborative leader who can foster a culture of ambition and innovation, while enabling staff in their day-to-day delivery of operational and technical excellence.

About The Role

The successful candidate will be based in the Galway area and will work a full-time (44 hour gross) week. The role will normally involve working circa three days per week from the RTÉ Nuacht offices in Baile na hAbhann, with the remaining time spent between RTÉ Raidió na Gaeltachta in Casla and the RTÉ Galway offices.

Key Responsibilities

  • Ensure the effective and efficient operation of RTÉ's Western broadcast and production facilities.
  • Manage operational resources, budgets, rostering and service delivery priorities.
  • Lead, manage and develop a team of engineering, operational and production support staff.
  • Local implementation of new technologies, workflows and transformation initiatives.
  • Develop workforce capability through performance management, learning and succession planning.
  • Collaborate actively and successfully with peers. Develop and maintain strong relationships with editorial, production, technical and external stakeholders.
  • Ensure compliance with RTÉ policies, technical standards, governance requirements and health and safety legislation.
  • Drive a culture of collaboration, continuous improvement, innovation and client service excellence.

About You

You will have significant experience leading technical and operational teams within a broadcast, media, engineering, or similarly complex operational environment, together with a strong understanding of modern media workflows, content technologies, and service delivery requirements.

Experience

You will bring substantial experience in one or more of the following areas:

  • Audio and video IP-based technologies, vision engineering, media signal management, and technical facilities management.
  • Broadcast engineering, technical operations, and the maintenance and support of broadcast equipment and systems.
  • IT infrastructure, software support, networking, end-user support in a high pressure, live environment.
  • Production-related activities including camera operations, sound operations, video editing, and post-production workflows.

Essential Requirements

You Will Possess

  • Proven leadership and people management experience, including resource planning, Project and change management within multi-skilled technical or operational teams.
  • Strong knowledge of media operations, engineering practices, and content technologies, together with excellent communication, interpersonal, and stakeholder management skills.
  • The ability to manage competing priorities in a fast-paced operational environment, along with experience in planning, budgeting, and resource management.
  • A full Category B Driving Licence.
  • A high proficiency in spoken Irish (or working towards this).

How to Apply

If you are interested in this opportunity, please submit the below as one combined document:

  • your CV
  • an introduction paragraph of no more than 300 words outlining where/how you match the requirements of this role

This appointment will be made at Manager Grade 3 level and is being offered on a permanent employment contract basis. The salary range is from €51,805 to €86,932 gross per annum.

Closing date for receipt of applications is: Tuesday, 1st December 2026.

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine go bhfuil dearcadh dearfach acu i leith na Gaeilge. Applications are welcome from people who have a positive outlook to Irish.

Diversity and Inclusion are at the heart of what we do – both on-air and behind the scenes. We are committed to building a more inclusive environment and tackling under-representation while embedding inclusion at every stage of the employee journey.

We welcome applications from people with diverse backgrounds, without regard to gender, sexual orientation, gender identity, age, social experience, race and ethnicity, disability, civil and family status, religious belief and membership of the Traveller Community.

We are eager to provide reasonable accommodations for potential and existing employees with any kind of disability. Should you wish to request an accommodation for your interview, we encourage you to let us know when you apply.

_______________________________________________________________

Is é RTÉ eagraíocht náisiúnta meán cumarsáide seirbhíse poiblí na hÉireann. Táimid ag tabhairt faoi straitéis bhunathraitheach cúig bliana atá uaillmhianach agus spreagúil chun an chaoi a reáchtálaimid an eagraíocht a thabhairt cothrom le dáta. Is é an misean atá againn go mbeimid inár bhfoinse neamhspleách scéalta, nuachta, eolais agus siamsaíochta d'Éirinn, a léiríonn ilchineálacht a muintire agus a chuireann eispéiris ar fáil a shaibhríonn saol gach duine.

Cuir aithne ar an bhFoireann

Tacaíonn Oibríochtaí Réigiúnacha le gníomhaíochtaí craolacháin agus léirithe ábhair RTÉ ar fud na n-ardán teilifíse, raidió, ar líne agus digiteach ar fud na hÉireann. Táimid dírithe ar lucht saothair oilte, lúfar agus comhoibríoch a thógáil a bheidh in ann tacú le forbairt na heagraíochta.

Beidh ról ceannasach ag Bainisteoir Oibríochtaí an Iarthair maidir leis an gcumas sin a fhorbairt agus a chinntiú go mbeidh na scileanna agus na hacmhainní ag foirne réigiúnacha chun seirbhísí ardcháilíochta a chur ar fáil i dtimpeallacht meán atá ag athrú go tapa.

Beidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis, agus é ag tuairisciú don Bhainisteoir Oibríochtaí Réigiúnach, i gceannas ar fhoireann ildisciplíneach innealtóireachta agus tacaíochta oibriúcháin atá freagrach as tacú le haschur RTÉ, go háirithe i nGaeilge, ar fud na n-ardán go léir.

Teastaíonn ceannaire réamhghníomhach agus comhoibríoch sa ról seo, duine ar féidir leis cultúr uaillmhéine agus nuálaíochta a chothú, agus ag an am céanna baill foirne a chumasú agus barr feabhais oibríochtúil agus teicniúil á chur ar fáil acu ó lá go lá.

Eolas faoin Ról

Beidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis lonnaithe i gceantar na Gaillimhe agus oibreoidh sé seachtain oibre lánaimseartha (44 uair an chloig san iomlán). Is thart ar thrí lá oibre de ghnáth sa tseachtain ó oifigí Nuachta RTÉ i mBaile na hAbhann a bheidh i gceist leis an ról, agus is idir RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla agus oifigí RTÉ i nGaillimh a chaithfear an chuid eile den am.

Príomhfhreagrachtaí

  • Oibriú éifeachtach agus éifeachtúil áiseanna craolacháin agus léirithe an Iarthair de chuid RTÉ a chinntiú.
  • Acmhainní oibríochtúla, buiséid, uainchlárú agus tosaíochtaí seachadta seirbhíse a bhainistiú.
  • Foireann tacaíochta innealtóireachta, oibríochtúla agus léirithe a stiúradh, a bhainistiú agus a fhorbairt.
  • Teicneolaíochtaí nua, sreafaí oibre agus tionscnaimh bhunathraitheacha a chur i bhfeidhm go háitiúil.
  • Cumas lucht saothair a fhorbairt trí bhainistíocht feidhmíochta, foghlaim agus pleanáil comharbais.
  • Comhoibriú go gníomhach agus go rathúil le piaraí. Caidreamh láidir a fhorbairt agus a choinneáil ar bun le páirtithe leasmhara eagarthóireachta, léirithe, teicniúla agus seachtracha.
  • A chinntiú go gcomhlíontar beartais, caighdeáin theicniúla, riachtanais rialachais agus reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta RTÉ.
  • Cultúr comhoibrithe, feabhsú leanúnach, nuálaíocht agus sármhaitheas seirbhíse cliant a spreagadh.

Maidir Leat

Beidh taithí shuntasach agat ar fhoirne teicniúla agus oibríochtúla a threorú i dtimpeallacht oibriúcháin chraolta, meán, innealtóireachta, nó i dtimpeallacht oibriúcháin atá chomh casta céanna, mar aon le tuiscint láidir ar shreafaí oibre meán na linne seo, teicneolaíochtaí ábhair, agus riachtanais seachadta seirbhíse.

Taithí

Beidh taithí shuntasach agat i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

  • I dteicneolaíochtaí fuaime agus físe atá bunaithe ar IP, innealtóireacht físe, bainistíocht comharthaí meán, agus bainistíocht saoráidí teicniúla.
  • In innealtóireacht chraolta, oibríochtaí teicniúla, agus trealamh agus córais chraolta a chothabháil agus tacú leo.
  • I mbonneagar TF, tacaíocht bogearraí, líonrú, tacaíocht d’úsáideoirí deiridh i dtimpeallacht bheo ardbhrú.
  • I ngníomhaíochtaí a bhaineann le léiriú lena n-áirítear oibríochtaí ceamara, oibríochtaí fuaime, físeagarthóireacht, agus sreafaí oibre iarléirithe.

Atá Riachtanach don Phost

Beidh An Méid Seo a Leanas Agat

  • Taithí chruthaithe ceannaireachta agus bainistithe daoine, lena n-áirítear pleanáil acmhainní, bainistiú tionscadal agus athruithe laistigh d’fhoirne teicniúla nó oibríochtúla iloilte.
  • Eolas láidir ar oibríochtaí na meán, ar chleachtais innealtóireachta, agus ar theicneolaíochtaí ábhair, mar aon le sárscileanna cumarsáide, idirphearsanta agus bainistithe páirtithe leasmhara.
  • An cumas tosaíochtaí iomaíocha a bhainistiú i dtimpeallacht oibríochtúil thapa, mar aon le taithí ar phleanáil, ar bhuiséadú agus ar bhainistiú acmhainní.
  • Ceadúnas Tiomána iomlán Chatagóir B.
  • Ardchumas sa Ghaeilge labhartha (nó ag obair i dtreo an chumais sin a bhaint amach).

An Chaoi le hIarratas a Dhéanamh

Má Tá Suim Agat Sa Deis Seo, Cuir Isteach An Méid Seo a Leanas Mar Aon Doiciméad Comhcheangailte Amháin

  • do CV
  • alt nach mó ná 300 focal ina gcuireann tú tú féin in aithne dúinn agus ina dtugann tú achoimre ar an gcaoi a n-oireann tú do riachtanais an róil seo

Déanfar an ceapachán seo ag leibhéal Ghrád 3 an Bhainisteora agus tá sé á thairiscint ar bhonn conartha fostaíochta buan. Is é €51,805 go €86,932 comhlán sa bhliain an raon tuarastail.

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: Dé Máirt, an 1 Nollaig 2026.

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil dearcadh dearfach acu i leith na Gaeilge.

Tá an Éagsúlacht agus an tIonchuimsiú i gcroílár gach rud a dhéanaimid - bíodh sin ar an aer nó sa chúlra. Táimid tiomanta do thimpeallacht níos ionchuimsithí a fhorbairt agus dul i ngleic le tearcionadaíocht agus an t-ionchuimsiú a leabú i ngach céim d’aistear an fhostaí ag an am céanna.

Cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu, gan aird a thabhairt ar chúrsaí inscne, ar chlaonadh gnéis, ar fhéiniúlacht inscne, ar aois, ar thaithí sóisialta, ar chine agus ar eitneacht, ar mhíchumas, ar stádas sibhialta agus teaghlaigh, ar chreideamh reiligiúnach ná ar bhallraíocht den Lucht Siúil.

Ba mhaith linn aon socrú réasúnta a bheadh ag teastáil ó fhostaithe ionchasacha agus ó fhostaithe reatha atá faoi mhíchumas de chineál ar bith a dhéanamh dóibh. Má theastaíonn uait go ndéanfaimis socrú duit i gcomhair d’agallaimh, mholfaimis duit é sin a chur in iúl dúinn nuair a dhéanann tú iarratas.
Apply

Similar jobs

See all →